Eolas

Ealaíontóir snáithín agus fíocháin isea Siobhán Ní Bheaglaoich ó Bhaile na nGall, sé mhíle ó thuaidh ón nDaingean in Iarthar Chiarraí. Tá an ealaíon, an cheardaíocht agus an ceol sa dúchas inti óna muintir leis na glúinte. Maireann sí agus oibríonn sí i mBaile Átha Cliath.

Oibríonn sí le meáin meascaithe; snáithín agus dúch óir is mó a bhíonn mar bhonn leis na píosaí, dathanna láidre chun na gnéithe aiceanta agus na pearsana sna píosaí a chruthú. Is minic a tugtar cuntas ar a stíl ealaíona mar fhinscéal Ceilteach.

Thosnaigh na píosaí seo mar thionscnamh beag i 2000 agus í ag baint triail as meáin éagsúla i leabhar nótaí ealaíne. Tháinig an bailiúchán píosa ar phíosa de réir a chéile agus d’fhás a stíl pearsanta neamhghnách. Bhí a céad taisbeántas aici i 2006. Ó shoin i leith bhí sí páirteach i dtaisbeántaisí grúpa ar fuaid na tíre gur éirigh ana mhaith leo, taisbéantas leis an ealaíontóir agus ceoltóir Liam Ó Maonlaí agus PJ Lynch, ealaíontóir agus dearthóir leabhar.

Trés na blianta dhein Siobhán dhá bhrat mór cúl-stáitse do choirmeacha an bhanna Éireannaigh The Frames a húsáideadh ar na turasanna domhanda agus ins na féiltí Oxegen, Electric Picnic agus féiltí eile san Eoraip. I mí na Samhna 2002 dhein sí cúlbhrat do choirm cuimhne Mic Christopher i Vicar Street i mBaile Átha Cliath. D’úsáid siad arís é don cheolchoirm i 2011. Dhein sí trí chúlbhrat mór do RTÉ do chúpla coirm clasaiceach a taifeadadh don dteilifís.

Dhein sí an chéad scata 300 masc lámh-dhéanta le híomhá de phlaosc ar ócáid seolta dlúth-cheirnín ‘For the birds’ leis na Frames. Astu san cuireadh 10,000 masc i gcló dfhéile ceoil Oxegen i 2003.

Tá pictiúirí Shiobhán i mbailiúcháin phríobháideacha, cuid acu i gCiarraí agus i mbailiúcháin Gillian Welch, Glen Hansard, Jess Klein agus Josh Ritter.